AIM Inclusive Play

Fáilte chuig Súgradh Cuimsitheach AIM

 

Is é Súgradh Cuimsitheach AIM an tsraith is déanaí sa tsraith tacaíochtaí a chuirtear ar fáil faoin tSamhail Rochtana agus Chuimsithe (AIM).

Sraith acmhainní céadfacha agus oideachais súgartha is ea Súgradh Cuimsitheach AIM a thacaíonn le cleachtas cuimsitheach laistigh de shuíomhanna réamhscoile. Tacaíonn an treoir seo le húsáid chuí agus éifeachtach a bhaint as na hacmhainní seo.

Is mór an bhís atá orm a bheith in ann na hacmhainní iontacha seo a sholáthar do do sheomra réamhscoile. Roghnaíodh na hacmhainní go cúramach, le cabhair ó Learning SPACE (Specialised Products Aiding Child Education), chun tacú le leanaí, gan aird ar chumas, laistigh den timpeallacht foghlama.

Tá súil agam go dtacaíonn na hacmhainní seo leis an tsárobair a dhéanann tú leis na leanaí i do sheomra réamhscoile agus go mbaineann tú féin agus na leanaí taitneamh as na hacmhainní seo a fhiosrú le chéile.


An Dr Katherine Zappone
An tAire Leanaí
Agus Gnóthaí Óige



Spraoi Cuimsitheach AIM